Compartir
Sciorrfhocail: Scéalta agus úrscéal
Panu Petteri Höglund
(Autor)
·
Evertype
· Tapa Blanda
Sciorrfhocail: Scéalta agus úrscéal - Höglund, Panu Petteri ; Höglund, Otso
Sin Stock
Te enviaremos un correo cuando el libro vuelva a estar disponible
Reseña del libro "Sciorrfhocail: Scéalta agus úrscéal"
Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair. Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois. Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá. -- "Ainmhian na Máistreása Óige" Cailín cráifeach í Pia nár thuig bealaí an ghrá riamh. Ach anois, chuaigh an grá féin i luíochán roimpi. -- "Craiceann" Tháinig mac léinn óg ar cuairt chuig a thuismitheoirí le súil a chaitheamh ar na seanbhólaí. Céard a chasfar air cois an locha i gcroí na coille, meas tú? Céard eile ach an grá féin! -- "Béarlóir Deireanach an Domhain" Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain. Níl ach Gaeilge Uladh ag na Meiriceánaigh, agus fágadh an Béarla in áit na leathphingine i Sasana féin. Cén cineál saoil atá ag an mBéarlóir deireanach ar an saol seo? -- "Tachtaimis an Grá Sin" Fear óg cúthail é Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach ógánach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na físghránnáin. Ach lá amháin, castar cailín air nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i Narkkaus, baile beag in Oirthear na Fionlainne.
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
Todos los libros de nuestro catálogo son Originales.
El libro está escrito en Irlanda .
La encuadernación de esta edición es Tapa Blanda.
✓ Producto agregado correctamente al carro, Ir a Pagar.